An raibh a fhios agat

An raibh a fhios agat

Tiocfaidh Vega in ionad Polaris mar an Réalta Thuaidh i gceann thart ar 13,000 bliain mar gheall ar shuaitheadh i ais an domhain.

Bealach na Bó Finne – Mar gheall ar thruailliú solais, níl radharc na Bó Finne – ár réaltra féin – le feiceáil a thuilleadh ag níos mó ná trian de dhaonra an domhain.

Ar oíche ghlan anseo i Maigh Eo, feiceann tú os cionn 4,500 réalta ag lasadh, Bealach na Bó Finne, agus fiú dreigecheathanna!

Agus tú ag seasamh go fóill faoi láthair, tá tú ag bogadh ar 1,600 km in aghaidh na huaire mar gheall ar rothlú an Domhain.

Tógann gathanna na gréine ocht nóiméad chun sinn a shroicheadh ar luas an tsolais (300,000 km in aghaidh an tsoicind).

Amthaisteal á dhéanamh…B’fhéidir gur thóg sé na mílte bliain ar an solas a fheiceann tú ó réalta atá ag glioscarnach tú a shroicheadh, mar sin nuair a fhéachann tú ar na réaltaí, tá tú ag breathnú siar in am! In spéartha dorcha Mhaigh Eo feiceann tú Réaltra Andraiméide a d’fhág a solas 2.5 milliún bliain ó shin!!!

Ainmnítear dreigecheathanna i ndiaidh na réaltbhuíonta a ndealraíonn sé gur as a dtagann siad. Mar sin is cosúil go dtagann Peirsidí ó Pheirséas. Cuardaigh é seo i mí Lúnasa!

Is éard is solasbhliain ann ná mar a thomhaiseann réalteolaithe fad sa spás. Is é luas an tsolais ná 300,000km in aghaidh an tsoicind! Is féidir leis taisteal seacht n-uaire timpeall an domhain i gceann soicind!

Íosluchtaigh míreanna

Cóisir Réalta

Cén fáth nach mbainfidh tú an leas is fearr as spéartha an gheimhridh agus “Cóisir Réalta” a reáchtáil le cairde agus le teaghlach.

Is iontach an spraoi é cóisir le téama réalta a óstáil agus ní gá ach beagán ullmhúcháin a dhéanamh. Tá réaltóireacht ag brath ar spéartha glan – is féidir an aimsir a sheiceáil lenár nasc.

seicliosta réaltóireachta ullmhaithe againn agus is féidir leat ár léarscáileanna réalta agus/nó plánaisféar a íoslódáil freisin chun tuairim a fháil ar cad ba cheart duit a fheiceáil.

Níl sé riachtanach teileascóp a úsáid (ach má taithí éigin agat féin nó ag aoi cheana féin), ach molaimid go mbeadh péire amháin ar a laghad de dhéshúiligh agat chun cur le do thaithí réaltóireachta.

Seiceáil do threoracha – le compás nó le d’fhón. Má bhíonn tú ar an eolas faoin treo ar cheart aghaidh a thabhairt ar radharc thuaidh nó theas, sábhálfaidh tú am agus tú ag seiceáil do léarscáileanna réalta.

Bí cinnte go dtabharfaidh d’aíonna neart éadaí te, bíodh blaincéad spártha nó cídeog orthu le go mbeidh siad bogthe.

Ullmhaigh roghchlár “Réalta” le haghaidh spraoi. D’fhéadfá brioscaí i gcruth réalta, moon pies, sailéad ruacháin, nó fiú “soup’ernova” te a thairiscint do d’aíonna!

Feabhsaigh an t-atmaisféar le roinnt fuaimrian spáis nó réalta. Is féidir leat liosta seinm téamach a chruthú go héasca trí cheol a chuardach leis na focail “gealach” nó “réaltaí” sa teideal nó seancheanáin cosúil le “Vincent” le Don McLean a roghnú. Samplaí; “Moondance” le Van Morrison, “Stardust” le Nat King Cole.

Scroll to Top