Grúpaí & Turais

Grúpaí & Turais

Cuirimid seirbhísí saor in aisce ar fáil do gach grúpa leasmhara. Tá cláir speisialta ar fáil againn agus is féidir linn cuairteanna a shaincheapadh chun freastal ar riachtanais. D’fhéadfadh cainteanna, siúlóidí agus gníomhaíochtaí laistigh agus lasmuigh a bheith i gceist leis seo.

  1. Cuirimid seirbhís OUTREACH ar fáil do ghrúpaí pobail maidir le héifeachtaí Truaillithe Solais agus na bearta simplí is féidir leatsa agus le do phobal a ghlacadh chun a éifeachtaí a laghdú.
  2. TABHAIR CUAIRT AR BHAILE CHRUAICH le haghaidh Turas Treoraithe ar shuíomh an ionaid chuairteoirí agus foghlaim faoi Pháirc Spéire Dorcha Mhaigh Eo.
  3. Déan iniúchadh ar an oíche le treoraithe Oideachais na Páirce Náisiúnta? Cuirimid gníomhaíochtaí ar fáil ar nós Siúlóidí Ialtóg, Seisiúin maidir le Leamhan a cheapadh i ngaiste agus Siúlóidí Fiadhúlra Oíche.
  4. Cuir Caint in áirithe ar Pháirc Spéire Dorcha Mhaigh Eo, Seisiún Réaltóireachta nó Siúlóid Spéire Dorcha lenár nOifigeach Forbartha um Spéire Dorcha. Braitheann na coinníollacha maidir le réaltóireacht ar an aimsir. Is é an t-am is fearr chun taitneamh a bhaint as spéartha na hoíche ná míonna an gheimhridh (taobh amuigh den bhuaicshéasúr).

Conas Áirithint a Dhéanamh

Tá Ionad Cuairteoirí Bhaile Chruaich ar oscailt 10rn go 5.30in ó Feabhra go Samhain.

Glacfar áirithintí trí: ballycroyvisitorcentre@npws.gov.ie

Chun teagmháil a dhéanamh lenár nOifigeach Forbartha Spéire Dorcha, seol ríomhphost chuig: mayodarkskypark@npws.gov.ie

Scroll to Top